Roghchlár
Your Cart

Khalil

Khalil
Khalil
Khalil
BUAITEOIR
Khalil
Khalil
Khalil

Cur síos

Buaiteoir Gradam de Bhaldraithe 2022

Léirmheas Tuairisc.ie


Samhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d’aois, ag triail ar chathair Pháras,

crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a

bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach.

Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i measc na mbráthar a chuireann iad féin chun báis….

Tugann an t-úrscéal seo tumadh dúinn in intinn buamadóra féinmharaithe…’ France Culture

Cur síos scáfar ar an radacú…ní le leithscéal a dhéanamh dó, ach lena thuiscint.’ La Croix

ÚDAR

Yasmina Khadra an t-ainm cleite atá ar an scríbhneoir Ailgéireach Mohammed Moulessehoul, a rugadh in 1956.

Chaith sé seal ina oifigeach sinsearach in airm na hAilgéire sula ndeachaigh sé ar deoraíocht chun na Fraince,

áit a bhfuil cónaí air ar an gcúlráid. Tá riar maith úrscéalta scríofa aige agus is é an saol Moslamach is cás dó ina shaothar.

AISTRITHEOIR

Tá réimse leathan leabhar aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, iad foilsithe ag Futa Fata. Chaith sí tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Khalil an chéad úrscéal do dhaoine fásta atá aistrithe aici.


Léirmhéas Aonghus Ó hAlmháin :https://aonghus.blogspot.com/2021/10/khalil.html?spref=tw



Dáta Foilsithe : Deireadh Fómhair 2021

Údar:Yasmina Khadra

Asitritheoir:Mairín Nic Con Iomaire

Clúdach Bog

Líon na lth: 272 lth

ISBN: 978-1-910945-85-8

Praghas: €14.95

Athbhreithniú

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith