Cur síos
Aitheantas Speisialta ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh 2022
Buaiteoir Leabhar Gaeilge IBA 2021
Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2021
Buaiteoir Chomórtais Liteartha do Dhaoine Fásta 2020 - Oireachtas na Gaeilge
Oíche Bhealtaine in 1944, scaoileann cailín agus buachaill corp isteach in uisce Chuan na Gaillimhe. Breis agus seachtó bliain níos deireanaí sa Bhruiséil, tosaíonn seanbhean Ghiúdach ag labhairt i dteanga nach dtuigeann a muintir. De réir mar a sceitheann tuilleadh eolais gan choinne ó bhéal Madame Lazare, tuigeann a gariníon, Levana, gur gá gach rud atá cloiste aici faoi chúlra a seanmháthar a cheistiú ó bhonn...
Scéal é Madame Lazare a shníomhann le chéile réimse téamaí, ina measc, an grá, an fhéiniúlacht, an chuimhne agus an caillteanas. In 2022, bhí sé ar an gcéad saothar Gaeilge le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh, tráth ar bronnadh Aitheantas Speisialta air.
Léirmheas Books Ireland - Cathal Póirtéir
Alex Hijmans - Tuairisc
Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin
Dáta Foilsithe (Eagrán Nua): 31/10/2024