Closleabhar Madame Lazare
Ní hiad Futa Fata amháin atá gníomhach le saothair nua – tá rudaí ag gluaiseacht is ag forbairt chomh maith lenár n-inphrionta, Barzaz. Foilsíonn Barzaz litríocht agus filíocht chomhaimseartha do dhaoine fásta. Is é Madame Lazare an chéad leabhar a d’fhoilsigh Barzaz agus ó shin i leith tá aistriúcháin ar úrscéalta comhaimseartha ar fáil uainn agus iad ag teacht ar bhonn rialta! Chuaigh na cinn go dtí seo, Khalil, Na Ríthe Beaga agus Tír Bheag, i gcion go mór ar léitheoirí, mar aon leis an gcnuasach filíochta Solas Geimhridh. Tá áthas orainn a rá go bhfuil úrscéal nua idir lámha againn agus tograí eile sa siúl chomh maith. Agus ní hamháin sin ach… tá closleabhar Madame Lazare ann anois chomh maith. Arís, seo táirge atá na Gaeil ag cuardach le fada an lá agus tá an-áthas orainn go bhfuil muid in ann a leithéid a chur ar fáil. Tiocfaidh sibh ar chlosleabhar Madame Lazare, á léamh ag an údar, ar na hardáin éagsúla ar nós Libro.fm, Spotify, Google Play agus Apple Books. |