01 Samh


0 Trácht
1568 Radharc
Nua ó Barzaz Anuas ar chlár foilsitheoireachta Futa Fata, bhí an fhoireann gníomhach agus gafa chomh maith ag cur le catalóg ár n-inphrionta, Barzaz. Foilsíodh Tír Bheag le Gaël Faye, aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, le cúpla seachtain anuas agus seoladh é ag ócáid i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, agus arís in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Baile Átha Cliath. Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig. Súil siar chumhachtach is ea Tír Bheag ar eachtra mhór stairiúil de chuid na nóchaidí, súil siar a tharraingíonn ar thaithí phearsanta an údair féin. |