Tír Bheag
Tá na daoine móra san áireamh againn an fómhar seo chomh maith agus úrscéal comhaimseartha eile againn daoibh ónar n-inphrionta Barzaz. Aistrithe ón bhFraincis ag Antain Mac Lochlainn, is úrscéal é Tír Bheag atá bunaithe cuid mhór ar óige an údair, Gaël Faye, ar ceoltóir agus rapálaí cáiliúil é chomh maith. Scéal é faoi Gabriel óg, atá beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall agus é ag fás aníos sa Bhurúin sna 1990idí luatha. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig. Seolfaidh Caoimhe Nic Lochlainn an leabhar seo i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn, an 19 Deireadh Fómhair ag 1in. Beidh seoladh freisin in Áras Scríbhneoirí na hÉireann i mBaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, an 23 Deireadh Fómhair ag 6.30in. Is é John Maguire, iriseoir, an t-aoi speisialta a bheas linn an tráthnóna sin. Tá fáilte roimh chách chuig an dá imeacht.