Is cúis bhróid é don fhoilsitheoir Barzaz, inphrionta nua do daoine fásta de chuid Futa Fata, a fhógairt go bhfuil Gradam An Post Irish Book Awards bainte ag an gcéad fhoilseachán leo, MADAME LAZARE.

Is i gcatagóir An Leabhar Gaeilge Is Fearr, urraithe ag Love Leabhar Gaeilge, a baineadh an gradam.  Is é Madame Lazare an chéad úrscéal atá scríofa ag an údar, Tadhg Mac Dhonnagáin, a bhfuil réimse leathan scríbhneoireachta déanta aige; scripteanna teilifíse, scannáin, amhráin agus leabhair don aos óg ina measc.

Gluaiseann an scéal siar agus aniar in am ó chósta thiar na hÉireann sna 1930idí go pobal Giúdach Pháras sna 1990idí go dtí an Bhruiséil sa lá inniu le scéal rúnda Hana Lazare a nochtadh dúinn agus streachailt a gariníne agus í ag iarraidh nochtadh a dhéanamh ar fhíorscéal na seanmháthar a thug le fios riamh gur Ghiúdach í ón Eastóin ar maraíodh a muintir ar fad sa Shoah.

Agus é ag glacadh leis an ngradam dúirt an t-údar go raibh ríméad air faoin aitheantas seo a fháil, “ní hamháin dom féin mar scríbhneoir ach chomh maith don mheitheal a chuidigh liom an leabhar a thabhairt go ceann scríbe – na heagarthóirí, Máire Zepf, Róisín Adams agus Róise Nic Dhonnagáin agus foireann Futa Fata/Barzaz, Breda Ní Chonghaile agus Gemma Breathnach. Bhain mé an-sásamh as an leabhar a scríobh agus is gearr go mbeidh mé ag tosú i gceart ar an gcéad cheann eile.”

Tháinig an t-inphrionta Barzaz ar an saol in 2021 agus tá sé i gceist líon beag leabhar a fhoilsiú go bliantúil feasta. Beidh béim ar an bhficsean comhaimseartha ó údair Éireannacha, aistriúcháin ar leabhair nuascríofa ó mhór-roinn na hEorpa, chomh maith le filíocht, neamhfhicsean cruthaitheach agus aistí pearsanta.

Ba mhaith le Barzaz buíochas ó chroí a ghlacadh leis An Post Irish Book Awards, le Love Leabhar Gaeilge agus leis an bpobal léitheoirí ar fud na tíre a bhfuil an-suim curtha acu in MADAME LAZARE.