Roghchlár
Your Cart

Closleabhair

  
Madame Lazare Audiobook

Madame Lazare (Closleabhar)

An t-úrscéal mór-ráchairte, anois ar fáil i bhfoirm closleabhair!

Aitheantas Speisialta ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh 2022

Buaiteoir Leabhar Gaeilge IBA 2021

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2021

Buaiteoir Chomórtais Liteartha do Dhaoine Fásta 2020 - Oireachtas na Gaeilge

Oíche Bhealtaine in 1944, scaoileann cailín agus buachaill corp isteach in uisce Chuan na Gaillimhe. Breis agus seachtó bliain níos deireanaí sa Bhruiséil, tosaíonn seanbhean Ghiúdach ag labhairt i dteanga nach dtuigeann a muintir. De réir mar a sceitheann tuilleadh eolais gan choinne ó bhéal Madame Lazare, tuigeann a gariníon, Levana, gur gá gach rud atá cloiste aici faoi chúlra a seanmháthar a cheistiú ó bhonn…

Scéal é Madame Lazare a shníomhann le chéile réimse téamaí, ina measc, an grá, an fhéiniúlacht, an chuimhne agus an caillteanas. In 2022, bhí sé ar an gcéad saothar Gaeilge le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh, tráth ar bronnadh Aitheantas Speisialta air.

  • Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin
  • Curtha i láthair ag: Tadhg Mac Dhonnagáin
  • ISBN: 9781915684295