





Cur síos
Aitheantas Speisialta do Duais an Aontas Eorpach don Litríocht 2022
BUAITEOIR LEABHAR GAEILGE lBA 2021
GEARRLIOSTA Gradam Uí Shúilleabháin 2021
Buaiteoir Comórtais Liteartha do Dhaoine Fásta 2020
-Oireachtas na Gaeilge
Údar
Bíonn Tadhg Mac Dhonnagáin ag plé le cineálacha éagsúla
scríbhneoireachta, idir leabhair, scripteanna don scáileán agus amhráin. I measc na ngradam atá bainte ag a shaothar tá
Gradam Uí Shúilleabháin, Gradam Réics Carló, Gradam Speisialta Children’s Books Ireland agus an White Raven ón Internationale
Jugendbibliotek sa Ghearmáin. Bronnadh gradam IFTA, trí bliana i ndiaidh a chéile, ar an tsraith theilifíse AIFRIC, a chruthaigh sé i gcomhar le Paul Mercier agus Telegael. Tá a shaothar don óige foilsithe agus craolta go forleathan; san Eoraip, san Áise, san Astráil agus i Meiriceá Theas.
Seo é an chéad úrscéal uaidh.
Léirmheas Books Ireland
- Cathal Póirtéir
Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana
Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá
muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil,
sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.
Joe Ó Ceallaigh - Léirmheas
Alex Hijmans - Tuairisc
Údar: Tadhg Mac Dhonnagáin
Clúdach Bog
Líon na lth: 328 lth
Aoisghrúpa: Daoine Fásta