Cur síos
Gearrliosta Leabhar na Bliana 2008
Cur síos
Is fairsing an t-ábhar atá ar fáil i dtraidisiún béil na Gaeltachta. Is iad na hamhráin, b’fhéidir is mó atá i mbéal an phobail ar na saolta seo, ach tá réimse leathan véarsaíochta eile ann nach gcloistear
go minic. Rogha den ábhar sin atá curtha i láthair in Aniar: dánta a chuirfidh ag smaoineamh tú, orthaí a leigheasfaidh tú, tairngreachtaí a chuirfidh síos ar an saol atá romhat. Tugann Tadhg
Mac Dhonnagáin cur síos dátheangach ar chúlra gach píosa, chomh maith le leagan Béarla den bhunábhar. Cloistear aisteoirí Conamaracha ag aithrís na bpíosaí ar an dlúthdhiosca, le tionlacan
nuachumtha ceoil ón gcumadóir John Ryan. Déanann íomhánna Ceara Conway léiriú breise físiúil ar an iomlán.
Údar
Is breá le Tadhg Mac Dhonnagáin bheith ag scríobh scéalta, ag cumadh amhrán, ag casadh ceoil agus ag obair le daoine cruthaitheacha eile i saol na leabhar agus na teilifíse. Tá cheithre albam eile déanta aige do pháistí:
an cnuasach amhrán nua-cumtha Ceol na Mara agus an trí albam amhrán agus rannta traidisiúnta, Bliain na nAmhrán, Gugalaí Gug! agus Peigín Leitir Móir. Tá cónaí air sa Spidéal.
Preas:
“A wonderful artistic achievement!” The Irish Times
Gearrliosta Leabhar na Bliana 2008
ISBN 978-1-910945-42-1