Roghchlár
Your Cart

Táirgí a chur ar ais againn

 Táirgí a chur ar ais 

Polasaí maidir le haisíocaíochtaí agus le táirgí a chur ar ais

Déanaimid gach iarracht a chinntiú go mbeidh tú sásta le do chuid ceannachán. Sa chás, áfach, go bhfuil ort táirge a sheoladh ar ais chugainn faigh thíos ár bpolasaí le táirgí a chur ar ais.

Má tá tú míshásta le do tháirge déan teagmháil linn taobh istigh de dhá lá agus déan cur síos ar an bhfáth go bhfuil an táirge á sheoladh ar ais. Ní mór an táirge a sheoladh ar ais taobh istigh de sheacht lá. Bunaithe ar an gcomhfhreagras déanfaimid ceann de na rudaí seo.

1. Seolfaimid aisíocaíocht iomlán chugat

2. Seolfaimid táirge eile ina áit

Coimeadaimid an ceart le táillí idirbheartaíochta agus postais a choinneáil.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait  nó más féidir linn cabhrú leat ar aon ábhar eile ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.

Seol r-phost chugainn ag eolas@futafata.ie agus beimid breá sásta cabhrú leat le d’fhiosrúchán.