Roghchlár
Your Cart

Treoirlínte maidir le hIarratais ó scríbhneoirí

Treoirlínte maidir le hiarratais ó scríbhneoirí

Beidh Barzaz ag foilsiú dhá nó trí leabhar in aghaidh na bliana agus beidh leabhar aistrithe ar cheann amháin de na teidil sin gach bliain. Tá ábhair bunleabhar á bhforbairt againn cheana féin agus tá sé i gceist againn gach iarracht a dhéanamh scríbhneoirí nua a fhorbairt agus a chothú.

Beidh fáilte roimh iarratais sna seánraí atá liostáilte anseo thíos:

Úrscéalta comhaimseartha: An sainmhíniú atá againn ar ‘chomhaimseartha’ ná scéal a bhfuil formhór an aicsin lonnaithe sa lá atá inniu ann, nó i dtréimhse ar bith chomh fada siar le tús na 1960idí. Tá suim ar leith againn i scéalta a bhfuil sé inchreidthe gur i nGaeilge atá ar a laghad sciar maith den scéal ag titim amach.

Úrscéalta aistrithe: Tá an-suim againn leabhair a aimsiú le cur ar fáil i nGaeilge. Is ar scéalta comhaimseartha atá muid dírithe, leabhair a foilsíodh sa bhunteanga ó 2010 i leith, más féidir, scéalta a gcuirfeadh léitheoirí Éireannacha suim iontu. Beidh fáilte roimh iarratais ó aistritheoirí a bhfuil leabhair le moladh acu. Tá muid ag iarraidh an t-aistritheoir a chur chun cinn i saol na leabhar in Éirinn mar dhuine cruthaitheach ann féin, mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh sé nó sí ar fáil leis an leabhar atá aistrithe acu a chur i láthair an phobail. Níl suim againn a bheith ag aistriú ón mBéarla.

Neamhfhicsean: Scéalta láidre pearsanta a bhfuil aistear mothúchánach cinnte ag baint leo, seachas cur síos ginearálta ar shaol duine.

Aistí pearsanta: Cur síos pearsanta ar aistear saoil an údair, sa stíl a chleachtann leithéidí Emilie Pine, cuir i gcás, sa leabhar Notes to Self.

Neamhfhicsean atá scríofa ag scáthscríbhneoir: Tá suim againn an scáthscríbhneoireacht agus an scáthscríbhneoir a fhorbairt i saol na leabhar Gaeilge. Scéalta láidre pearsanta atá uainn, iad scríofa i gcomhar le duine le Gaeilge a bhfuil scéal láidir, pearsanta le ríomh acu. Sa chéad phearsa a bheidh scéal an duine scríofa.

Filíocht: Tá suim againn ardán a thabhairt d’fhilí na Gaeilge agus aitheantas a thabhairt don ghné thábhachtach seo de thraidisiún liteartha na hÉireann.

Saothair neamhfhicsean aistrithe: Tá suim againn leabhair neamhfhicsin a aimsiú le haistriú, leithéidí NÍ BHEIDH FUATH AGAM ORAIBH a d’aistrigh Colm Ó Lorcáin agus a d’fhoilsigh LeabharCOMHAR. Scéalta láidre, pearsanta atá  uainn, scéalta a gcuirfeadh léitheoirí in Éirinn suim iontu.


Níl suim ag Barzaz na seánraí seo a leanas a fhoilsiú faoi láthair:

Leabhair ata bunaithe ar thráchtais ollscoile

Úrscéalta stairiúla (i. úrscéalta atá lonnaithe go hiomlán i dtréimhsí níos faide siar ná tús an 20ú haois.)

Aistí nach scéalta pearsanta iad (níl suim againn aistí critice a fhoilsiú, cuir i gcás.)

Splancfhicsean

Ficsean Eolaíochta 

Gearrscéalta. ACH bheadh suim agam i gcnuasach scéalta a bhaineann leis an ngrúpa carachtar céanna agus a bhfuil aontacht scéalaíochta agus aistear mothúchánach le haireachtáil sa leabhar iomlán ó thús deireadh – leabhar cosúil le OLIVE KETTERIDGE le Elizabeth Strout)​​​​​​​

eolas@barzaz.ie 


Le hIarratas a dhéanamh, cuir ríomhphost chugainn ag eolas@barzaz.ie agus cur síos déanta agat ann ar do thógra, 200 focal ar a mhéad.