Roghchlár
Your Cart

Eolas Fúinn

Is inphrionta de chuid an fhoilsitheora Futa Fata é Barzaz. Leabhair do dhaoine fásta a fhoilseofar faoin inphrionta, atá á sheoladh in 2021. Líon beag teideal a fhoilseofar, péire nó trí cinn in aghaidh na bliana mar thús. Bunsaothair nua ó scríbhneoirí Gaeilge a thiocfaidh uainn, chomh maith le haistriúcháin ar leabhair chomhaimseartha ó na teangacha Eorpacha taobh amuigh de shaol an Bhéarla, idir fhicsean agus neamhfhicsean. Sna blianta atá amach romhainn tá sé i gceist againn nuafhilíocht a fhoilsiú, cnuasaigh d'aistí pearsanta agus cuimhní cinn. Tá an clár oibre do na blianta 2021 agus 2022 deimhnithe cheana féin; fáilteofar feasta roimh iarratais do 2023 agus 2024. Tuilleadh sonraí ar an leathanach Treoirlínte do Scríbhneoirí. Tacaíonn An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge le clár foilsitheoireachta Barzaz.



Tuilleadh eolais: Scríobh chuig : eolas@barzaz.ie