Roghchlár
Your Cart

Sonraí seachadta

UAIREANTA OSCAILTE

Luan go Dé HAoine – 9:15 r.n. go 5:00 i.n.

SEACADADH

Táimid oscailte ó Luan go hAoine. Déanfar próiseáil ar orduithe a thagann isteach ó mheánlae ar an Aoine agus thar an deireadh seachtaine ar an Luan d’ár gcionn. Seolaimid formhór na dtáirgí trí chóras poist na hÉireann, An Post. Imíonn an post gach lá ó Luan go hAoine ag a 3.00i.n. Má tá an táirge atá ordaithe agat againn sa stoc seolfaimid é taobh istigh de 1 nó 2 lá oibre den uair a thagann d’ordú isteach.

Seo meastachán d’amanna seachadta d’áiteanna éagsúla:

  • Éire: 2 go 4 lá oibre
  • An Ríocht Aontaithe: 4 go 8 lá oibre
  • An tAontas Eorpach: 4 go 10 lá oibre
  • Stáit Aontaithe Mheiriceá & Ceanada: 6 go 14 lá oibre
  • Gach áit eile: 8 go 16 lá oibre.

Mura bhfuil an táirge a ordaíonn tú againn sa stoc déanfaimid teagmháil leat ar r-phost le scéala a thabhairt duit faoi stádas d’ordaithe.
Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn maidir le d’ordú. Seol ríomhphost chugainn ag eolas@barzaz.ie 

Táillí Seachadta

Déanaimid gach iarracht anseo i Barzaz le costais seachadtha a choinneáil íseal. Braitheann costas seachadta ar dhá rud:

  • Meáchan an táirge
  • An tír ina bhfuil an táirge á sheoladh chuige.

Ríomhfar na costais seachadta go h-uathoibríoch nuair a chuireann tú d’ordú isteach bunaithe ar an seoladh seachadta a chuireann tú isteach.