Roghchlár
Your Cart

Na Ríthe Beaga

Na Ríthe Beaga
Na Ríthe Beaga
Na Ríthe Beaga
Na Ríthe Beaga
Na Ríthe Beaga
Na Ríthe Beaga
Na Ríthe Beaga
Na Ríthe Beaga

Cur síos


Beirt bhan: Mélanie, a bhfuil fonn uirthi, ó bhí sí ina déagóir, cáil a bhaint amach ar chlár réaltachta teilifíse. Éiríonn léi aird an phobail a fháil ar deireadh leis an gcainéal YouTube a chruthaíonn sí le saol a beirt pháiste a chur os comhair an tsaoil mhóir, lá i ndiaidh lae. An bhean eile: Clara, póilín, a thagann i gcabhair ar Mélanie agus a teaghlach nuair a bhuaileann tubaiste iad. Ach de réir mar a chuireann Clara eolas ar shaol na dtionchairí idirlín, tagann amhras mór uirthi faoin tslí bheatha atá roghnaithe ag Mélanie dá clann óg, leochaileach.

Úrscéal dochreidte maith, scéal comhaimseartha atá scríofa go máistriúil: cás na bpáistí a bhfuil i bhfad an iomarca dá saol curtha ar taispeáint ar na meáin shóisialta. LE MAG DU CINEMA

ÚDAR

Is í Delphine de Vigan a scríobh Rien ne s’oppose à la Nuit (Prix du roman Fnac, Prix Renaudot des lycéens 2011), D’après une Histoire Vraie (Prix Renaudot and Goncourt des lycéens 2015), chomh maith le Les Loyautés, agus Les Gratitudes, iad ar fad foilsithe ag Éditions JC Lattès. 

AISTRITHEOIR

Tá réimse leathan leabhar aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, iad foilsithe ag Futa Fata. Chaith sí tamall de bhlianta ag obair mar iriseoir agus léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Na Ríthe Beaga an dara húrscéal do dhaoine fásta atá aistrithe aici, foilsíodh a leagan de Khalil le Yasmina Khadra i bhFómhar 2021.




Dáta Foilsithe: Deireadh Fómhair 2022

Údar: Delphine De Vigan

Aistritheoir: Máirín Nic Con Iomaire

Clúdach Bog

Líon na lth: 360 lth

ISBN: 978-1-910945-97-1

Praghas: €14.95

Athbhreithniú

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith