Roghchlár
Your Cart

Amhráin agus Dánta Raiftearaí

Amhráin agus Dánta Raiftearaí
Amhráin agus Dánta Raiftearaí
Amhráin agus Dánta Raiftearaí
Amhráin agus Dánta Raiftearaí

Cur síos

Gearrliosta Leabhar na Bliana 2018  Gradam Uí Shúilleabháin

I 1933 a foilsíodh Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh ar na gcruinniughadh agus ar na
bhfoillsiughadh den chéad uair le Dubhglas de h-Íde, LLD, DLitt, MRIA (An Craoibhín Aoibhinn).
Leagan méadaithe a bhí ann den chnuasach dátheangach de véarsaíocht Raiftearaí a bhí tagtha ón gCraoibhín Aoibhinn sa bhliain
1903. Foilseacháin thábhachtacha a bhí sa dá leagan, leabhair a spreag spéis sa bhfile ba
thábhachtaí a shaothraigh an Ghaeilge sna blianta roimh an nGorta Mór. San eagrán athchóirithe seo, an chéad
leagan atá curtha ar fáil sa chló Rómhánach, féachann Nollaig Ó Muraíle le saothar taighde an Chraoibhín Aoibhinn a chur i
láthair pobal nua léitheoirí. Agus an t-eolas cúlra ríthaitneamhach ar Raiftearaí a bhailigh De Híde á roinnt ag an eagarthóir, roinneann
sé chomh maith an t-eolas fairsing atá aige féin ar fhile mór Mhaigh Eo, ar an véarsaíocht a chum sé, ar an teanga a shaothraigh sé, ar na logainmneacha atá luaite sna dánta agus ar chuid mhór gnéithe eile de shaothar Raiftearaí agus De Híde araon.

                                                               *********************************

Tá an Dr Nollaig Ó Muraíle ina léachtóir i Roinn na Gaeilge.As Cnoc Mhuire, Contae Mhaigh Eo, dó; fuair meánoideachas i gColáiste Naithí, Bealach an Doirín, agus bhain na céimeanna BA, MA agus PhD amach in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.


Ina bhall den Choimisiún Logainmneacha, de Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann, de Bhord Rialúcháin Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, agus de Choiste Eagarthóireachta Fhoclóir na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann.Sa bhliain 2009 toghadh ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann.


Léirmheas: Tuairisc.ie


Údar:Dúghlas De hÍde

Eagarthóir: Nollaig Ó Muráile

Dubh & Bán, Clúdach Crua

Líon na lth: 424 lth

Athbhreithniú

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith